Rang a 6

Tá Seachtain na hEolaíochta faoi lán seoil anseo ar scoil agus tá Rang 6 an-ghnóthach.

https://gopro.com/v/B20KeRe46dw5W

Rinne siad boilgeoga móra sa gclós.

D’fhoghlaim siad faoi chiorcaid agus faoi leictreachas sa rang ar na ríomhairí ag úsáid ‘Makey Makey’ agus ábhair éagsúla. D’fhiosraigh siad ábhair atá seoltach agus ábhair nach bhfuil.

Rinne siad ciseáin agus paraisiúit i ngrúpaí agus chuir siad uibheacha ag eitilt.

Bhí siúlóid eolaíochta againn sa halla.

L

Léirigh siad obair na scamhóige le buidéal agus balúin.

Thóg siad droichid.

Thóg siad carranna beaga agus chuir siad ag imeacht iad le maighnéadaí.

Thóg siad crainn tabhaill chomh maith agus chuir siad páipéar ag eitilt!

Seachtain na matamaitice!

Chuir Rang6 roinnt gníomhaíochtaí le chéile don scoil ar fad i rith na seachtaine.