Rinne gasúir Rang a 5 maisiúcháin álainn Nollag. D’úsáid siad eolas faoi chruthanna 3T chun cabhrú leo. Nach mór an spórt iad!









Rinne gasúir Rang a 5 maisiúcháin álainn Nollag. D’úsáid siad eolas faoi chruthanna 3T chun cabhrú leo. Nach mór an spórt iad!









Tá pictiúir den fhoireann iománaíochta le feiceáil ar an suíomh http://www.coisfharraige.ie/
Maith sibh lads !!!
Rinne muid pictiúir de chrainn beith agus d’úsáid muid iad mar spreagadh chun roinnt scríbhneoireachta a dhéanamh. Scríobh daoine dánta, scríobh daoine eile scéalta. Cad a cheapann sibh?














Bhí Rang a 4 agus Rang a 5 ag cleachtadh don cheolchoirm mhór Peace Proms inné. Bhí muid faoi stiúir Greg Beardsell, a bhí iontach ar fad. Meabhrú beag maidir le ticéid: ta siad le fáil ar an suíomh http://www.peaceproms.com. Le bhur dtoil, cuirigí ticéid in áirithe go luath, ionas nach mbeidh aon duine díomách.



Seo nasc leis na gluaiseachtaí atá le foghlaim. Bígí ag cleachtadh sa baile!
🙂

Tá go leor údair buíochais againn anseo i Rang a 5. Céard faoi a bhfuil tusa buíoch?




D’fhoghlaim muid faoin ealaíontóir Georges Seurat.







A chairde,
Tá an-ríméad orainn a fhógairt gur thug Rang a 5 agus Rang a 6 44 bosca Nollag isteach don bhfeachtas atá á reachtáil ag an Simon Community agus Cope Galway. Beidh Nollaig níos deise anois ag an méid sin daoine mar gheall ar an gcineáltas a taispeánadh. Maith sibh!
🙂
You must be logged in to post a comment.