Maith sibh gach duine a chuaigh amach ag toraíocht na clocha ar fud an spidéal inné. Seo roinnt pictiúr a tháinig isteach agus roinnt den obair iontach a ndearna sibh féin!
Clocha
An bhfaca sibh clocha daite in aon áit ar an Spidéal? Má tá tú ag súil tríd an baile coinnigh súil amach agus féach an bhfuil tú in ann iad ar fad a aimsiú. Tá 8 gcinn ann san iomlán fud fad an baile!

Crosfhocal in aghaidh an lae.
Crosfhocal na nÓg, Cuardach Focal, Aimsigh na Difríochtaí agus crosfhocal do dhaoine fásta don lá! crosfhocal.ie
Glór na nGael
Eolas / Cur síos
- Is ar leathanach facebook Ghlór na nGael a bheidh an clár beo dhá chraoladh: https://www.facebook.com/glornangael/
- Tosnóidh an sruth ag craoladh ag 18:45 (le deis a thabhairt daoibh deimhniú go bhfuil na foirmeacha réidh agus an sruth ar Facebook Live le feiceáil agus le cloisteáil)
- Tosnóidh an Tráth na gCeist Teaghlaigh ag craoladh ag 19:00
- Seacht mBabhta le 10 gceist ar théamaí éagsúil le freagairt ar ‘bhFoirm Freagraí* (Féach thíos)
- Ceisteanna do pháistí agus do dhaoine níos sine 😀
- Duais le baint gach seachtain + Mórdhuais Dearbhán €150 ó Údar.ie ar an 10 Bealtaine** (Féach thíos)
- Teachtaireachtaí Beo ar an scáileán
- Beidh na láithreoirí, na ceisteanna, íomhanna/ábhar eile le feiceáil ar an scáileán ar facebook
Gníomhú Ribeach (Capillary Action)
Fís álainn déanta ag Darach ag taispeáint an gníomhú ribeach ina gcuid plandaí sa mbaile. Maith thú Darach!
Siamsán
Leabhar do Pháistí, Podchraoltaí Gaeilge, Nasc chuig cuntas Soundcloud Raidió na Life mar a bhfuil fáil ar moll mór scéalta don aos óg agus iad á n-insint ag daoine éagsúla.
Rang a 2
via Rang a 2
Haigh a chairde, tá súil agam go bhfuil chuile dhuine ag coinneáil slán. Tá roinnt oidis curtha le chéile agam le deireanas, thriail mé féin iad agus tá pictiúir do mo chuid iarrachtaí iniata le na hoidis. Bain triail astu agus seol chugam pictiúr go bhfeicfidh mé toradh bhur gcuid oibre. Fan Slán, Sinéad xx
Gníomhú Ribeach (Capillary Action)
Fís álainn déanta ag Neala i rang a 3 ag taispaint gníomhú ribeach i blath. Maith thú Neala:

You must be logged in to post a comment.