Ceol

Ceol 2

Dia dhaoibh,

Súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith ó bhí mé ag caint libh cheana. Tá a fhios agam go bhfuil sibh ag déanamh go leor obair ranga chuile lá – nár laga Dia sibh.

Ach , tá cúpla ceist agam oraibh:

  1. Cumadóirí móra  – Ar éirigh libh na tionscadail sin faoi na cumadóirí móra  a dhéanamh-  Beethoven -R3 ,    Mozart – R4,      Bach -R5       Chopin – R6  Beidh mé ag súil go mór bhúr gcuid oibre a fheiceáil nuair a osclaíonn an scoil arís le cúnamh Dé. Chuir mé féin giota beag faoi na cumadóirí seo le chéile dhaoibh – tá sé thar a bheith suimiúil ag léamh faoi na daoine a raibh talainn iontach acu agus a d’fhág stór mór ceoil againn chun taitneamh a bhaint as. Is fiú go mór éisteacht leis na píosaí seo nó aon phíosa eile de do rogha féin.
  2. Ceol uirlise.-  Cén chaoi ar éirigh leis na daoine a chasann uirlís ceoil leis an 3 phíosa a roghnaigh mé. Bhí na píosaí casta go han-mhall ar an dtaifead sin ach tá siad anseo arís- casta ag gnáthluas agus casta níos fearr!! An bhfuil tú in ann casadh leis an taifead seo nó fiú níos sciopaidh? Bain triall as.
  3. Cnag uirlisí.-  An ndearna tú do chnag uirlis féin? Cén chaoi a ndearna tú é ? Ar chas tú leis an gceol é? Ar bhain tú taitneamh as? Ba bhreá liom pictiúir a fhéiceáil díobh ar seesaw do rang nó ar mo ríomhphost scoile   mtfscoileinne@gmail.com.
  4. Amhrán scoile.-   Seo ceann deacair ach ceann tábhachtach  ceapaim. Ar tháinig aon smaointe chugat? Céard a thaitneodh linn a rá faoin scoil s’againne – Scoil Éinne a thaispeánfadh { Modh Coinníollach!!!} cé chomh bródúil is atá muid aisti.  Fiú R6 a bheidh ag fágáil na scoile i mbliana,  tá bhúr gcuid tuairimí uainn.

        

                              Johann Sebastian Bach –    1685-1750

  1. Rugadh sa Ghearmáin é –  de chlann ceolmhar. Ba é a athair an chéad múinteoir a bhí aige – mhúin é an veidhlín dhó. Mhúin a dheartháir níos sine an orgán dó.
  2. Fágadh ina dhílleachta (orphan) é ag 10 mbliana d’aois nuair a bhásaigh a chuid  tuismitheoirí. Nuair a bhí sé 18 bliain d’aois fuair sé post mar orgánaí  i séipéal agus bíodh sé ag múineadh ceoil do pháistí chomh maith.
  3. Ina óige bhí cáil air mar gheall go raibh glór maith aige. Ansin bhain sé cáil amach mar orgánaí cumasach. Ní bhfuair sé aitheantas mar chumadóir i rith a shaoil agus níor cuireadh a chuid oibre i gcló go dtí taréis a bháis, faraor.
  4. Rinne sé dian staidéar ar an gceol agus ar chumadóirí cáiliúla eile.  Lean sé air ag cumadh ceoil ar feadh a shaoil go dtí gur thosaigh se ag cailleadh amharc na súl. Bhí sé dall sula bhfuair sé bás ag 65 bliain d’aois.

 Wolfgang Amadeus Mozart-      1756- 1791

  1. Rugadh san Ostair é-  de chlann ceolmhar. D’fhoghlaim sé méarchlár agus veidhlín ó bheith ag éisteacht agus ag breathnú ar a athair ag tabhairt ceachtanna dá dheirfiúr.
  2. Bhí sé ag cumadh ceoil agus ag casadh do na huaisle ó bhí sé 5 bliana d’aois. Bhí 30 symphony scríofa aige nuair a bhí sé 18 bliain d’aois. Chum sé 600 píosa ceoil ar fad ina shaol ghairid.( Bhásaigh sé  is gan é ach 35 bliain d’aois)
  3. Bhí an-tionchar ag Bach agus ag cumadóiri eile air, Bhí cuimhne cinn iontach aige. Uair amháin nuair a bhí sé sa Róimh. chuala sé an píosa ceoil – ‘Allegri’s Miserere’- á chasadh i séipéal.  An tráthnóna sin bhí sé in ann an píosa ar fad a scríobh síos -ó chuimhne,
  4.  Scríobh sé Symphonies, Concertos agus Operas. Thosaigh se ag scríobh Requiem ach ní raibh se críochnaithe aige nuair a fuair sé bás an-óg ina 35ú bliain,

Ludwig Van Beethoven  –       1770-1827

  1. Rugadh sa Ghearmáin é-  de chlann ceolmhar.  Ba é a dhaide an chéad múinteoir ceoil a bhí aige.
  2. Chas sé pianó agus veidhlín agus thug sé a chéad thaispeántas nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois.
  3. Chum sé a chéad phíosa ceoil agus é ina dhéagóir  agus thaisteal sé san Eoraip ms Vienna. Ach nuair a bhí sé 26 bliain d’aois bhí an mí-ádh air mar thosaigh sé ag cailleadh a chuid éisteachta. Bhí sé bodhar ar fad nuair a bhí sé 44 bliain d’aois.
  4. Choinnigh sé ag cumadh ceoil fiú nuair nach raibh sé in ann tada a chloisteail, rud a chuireann iontas ar chuile dhuine. Deirtear gur chuir sé níos mó nótaí ísle sna píosaí ceoil is deireannaí a chum sé. Bhíodh níos mó nótaí árda ina chuid ceoil roimhe sin.

 

Frederic Chopin  -1810-1849

  1. Rugadh é sa Pholainn, Ba múinteoir pianó í a mháthair agus chas a athair an fliúit agus an veidhlín.
  2. Bhí sé ag cumadh ceoil ó bhí sé an-óg.  Cuireadh a chéad phíosa i gcló nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois agus thug sé a chéad thaispeántas nuair a bhí sé 8 mbliana d’aois.
  3. Bhí an-tionchar ag cumadóirí eile air. Rinne sé staidéar ar Handel agus Mendelssohn. Chuaigh sé go Páras nuair a bhí sé 21 bliain d’aois ach chlis a shláinte air ansin agus bíodh is go raibh sé ró-thinn le bheith ag casadh do na h-uaisle, lean sé air ag cumadh ceoil.
  4. Chuaigh sé go Sasana go gairid sular bhásaigh sé agus chas sé ceol don Bhanríon Victoria. Tháinig sé ar ais go Páras , áit ar bhásaigh sé. Ní raibh sé ach 39 bliain d’aois.

Tá súil agam gur bhain sibh tairbhe as cuid eicínt de seo agus gur éist sibh , nó gur chas sibh ,nó gur chum sibh ceol.

Déanaigí bhúr ndícheall agus tugaigí aire.

Múinteoir Bairbre.

 

CEOL – Múinteoir Bairbre

A pháistí is a thuismitheoirí,
Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitneamh as an aimsir bhreá atá againn faoi láthair, bíodh is nach bhfuil an saoirse céanna againn is a bhíonn de ghnáth. Tá mé cinnte go bhfuil neart le déanamh agaibh chuile lá – ag tabhairt cúnamh sa teach, ag bácáil, ag spraoi taobh amuigh, ag tarraingt is ag péinteáil, ag léamh leabhair dheasa agus Ó Ó is beag nach ndearna mé dearmad !!!- roinnt obair scoile chomh maith – Gaeilge, Béarla, Mata, Scríbhneoireacht, Stair, Tír Eolaíocht agus Eolaíocht. Ach bhí faitíos ormsa go ndéanfadh sí dearmad ar an gceol. Tá an ceol iontach chun muid a choinneáil sásta agus i deá-spioraid. Is féidir éisteacht le ceol, ceol a chasadh nó a chanadh, damhsa le ceol, gleacaíocht a dhéanamh le ceol, ceol a chumadh nó rithim a choinneáil le ceol le cnag uirlisí. Mar sin tá mé ag tabhairt dúshlán dhaoibh – obair atá i gceist ach geallaim dhíobh go mbainfidh sibh taitneamh as – déan do dhícheall.
1 —Tionscadal ar na Ceoltóirí Móra Clasaiceacha – Beethoven, Bach, Mozart agus Chopin.
Rang a 3 – Beethoven
Rang 4 – Bach
Rang 5 – Mozart
Rang 6 – Chopin
( Níl anseo ach treoir – ms. Is féidir le duine as rang 4 Mozart a roghnú más fearr leat é ná Bach)
Módh Oibre
• Déan taighde i leabhair nó ar líne.
• Scríobh nó priontáil an t-eolas is tábhachtaí chomh maith le pictiúir den cheoltóir
• Éist le ceol agus déan liosta de na píosaí ceoil a chum an ceoltóir.
• Má chasann tú pianó nó veidhlín- an bhfuil aon phíosa agat a chum ceoltóir cáiliúil.
[ Is féidir an tionscadal a bheith i Scrapbook, ar chairt mór nó ar leathnaigh A4. Bí cinnte go bhfuil an teideal scríofa go soiléar ar an obair. Bíodh tú in ann cur i láthair a dhéanamh – labhairt faoi do thionscadal. ]

2. Ceol uirlise – bosca ceoil, consairtín, feadóg, banjo, giotár.
Tá 3 phíosa roghnaithe agam – le foghlaim nó triall a bhaint astu. Beidh na píosaí seo ró-éasca do roinnt daoine ach dúshlánach do dhaoine eile. Déan do dhícheall – [Taithí a dhéanann máistreacht- cleachtadh, cleachtadh, cleachtadh!!!]

3. Cnag uirlisí baile -Muna gcasann tú uirlis ceoil tugaim cuireadh dhuit cnag uirlis a dhéanamh agus an rithim a choinneáil leis na píosaí ceoil.
Ms. bualadh bos, greadadh cos, spúnóga, sáspan agus spúnóg adhmaid, 2 spúnóg adhmaid, bosca stáin agus do lámha, gaineamh/ rís / clocha beaga istigh i mbuidéal plaisteach, – cinnte beidh tuairimí eile agaibh féin. Bain sásamh as an mbanna ceoil !!!!!!!

4. Amhrán scoile. Ba bhreá linn amhrán scoile a bheith againn- le canadh ag cluichí scoile agus ócáidí eile. An bhfuil aon smaointe agat? Céard ba mhaith linn a rá san amhrán seo faoin scoil s’againne? Breac síos do smaointe agus nuair a thagann muid le chéile arís, le cúnamh Dé, cuirfidh muid ár gcloigne le chéile agus b’fhéidir go mbeidh amhrán scoile againn.

The Kerry CowKillarney PolkaMiller of GlenmireChords Kerry Cow, Miller of Glenmire & Killarney Polka