CPR

IMG_1277IMG_1279

Tháinig mic léinn  isteach ó Ollscoil na Gaillimhe agus mhúin siad CPR dúinn. Bhí ceithre stáisiún ann ag taispeáint na gcéimeanna le haghaidh CPR. Agus bhí cluiche ann ag an deireadh . Bhí an-chraic agus spraoi ag an Rang 5 🙂

Míle buíochas d’Fhionn agus d’Fhinian a scríobh an píosa thuas.

Comórtas Litrithe Easons

20160405_160317

Bhí na páistí i rang a 5 agus rang a 6 in iomaíocht lena chéile inniu mar pháirt de chomórtas litrithe Eason.  Léirigh na páistí caighdeán an-ard agus sa bhabhta deireanach ní raibh fágtha ach cúigear, beirt as rang a 5 agus triúr as rang a 6. Bhí an bua ag Joe ó rang a 6 nuair a litrigh sé an focal “Immediate” i gceart. Beidh sé ag dul ar aghaidh anois go dtí craobh an chontae agus guíonn muid gach rath ar.

Tá muid ar ais!

Bhí muid chomh gnóthach le tamall anuas nach raibh deis againn a bheith ag blagáil, ach tá muid ar ais anois. Seo roinnt den nuacht atá againn ó bhí muid libh go deireanach.

Bhí muid an-ghafa le drámaí don bhFéile Scoildrámaíochta. Comhgháirdeachas le Rang a 5 a chuir an ceoldráma Duairc go Suairc ar stáitse i gCinn Mhara. Rinne siad obair na gcapall agus bhain siad an-sult as, gan trácht ar an méid foghlama eile a tháinig as. Maith sibh, a ghasúir. Seo pictiúir a tógadh ar scoil. (Clíodhna as láthair.)

IMG_1097

Seo mar a cheap na moltóirí:

IMG_1173

Bhí Rang a 6 iad féin ag obair go crua ar an dráma An Gadaí. Dráma é seo bunaithe ar scéal a scríobh An Piarsach a chóirigh Bean Uí Neachtain agus múinteoir Bairbre don stáitse. Chuir siad isteach ar an rannóg speisialta sa bhFéile – drámaí bunaithe ar an téama 1916. Rinne siad jab iontach agus tá muid ar fad fíor-bhródúil astu. Seo mar a cheap na moltóirí:

drc3a1ma

Beidh Rang a 6 le feiceáil an deireadh seachtaine seo ar stáitse i gColáiste Chonnachta mar chuid d’Éigse an Spidéil agus beidh siad le feiceáil sa Taibhdhearc freisin mar chuid den cheiliúradh atá leagtha amach acu de chomóradh 1916.

Chomh maith le bheith i mbun drámaíochta, tá Rang a 6 ag foghlaim faoi fhiontraíocht agus iad ag oibriú ar an JEP. Beidh toradh a gcuid oibre le feiceáil againn go luath.

Tá an t-earrach buailte linn chomh maith agus seo roinnt den obair ealaíne atá déanta againn le tamall anuas. IMG_1183

Ag athchúrsáil agus ag priondáil le haghaidh Lá Fhéile Vailintín…

 

 

 

 

Rinne Rang a 5 taighde iontach faoi Jackson Pollack. Ansin, rinne siad a gcuid íomhánna féin bunaithe ar a mhodh oibre. Bhí péint go cluas agus neart glanadh suas ina dhiaidh, ach thaitin sé go mór le chuile dhuine!

Nach spéisiúil na pictiúir iad.

IMG_1187IMG_1184IMG_1186IMG_1185IMG_1188

Sonraí agus Cóimheas

Taighde an-suimiúil á dhéanamh ag Rang a 6 inniu. Bhailigh muid na sonraí maidir le líon na mbuachaillí agus na gcailíní uaidh gach rang agus d’oibrigh muid amach go bhfuil cóimheas níos airde de chailíní ná go bhuachaillí sa scoil. Sí rang a 2 an rang leis an gcóimheas is mó i dtaobh na gcailíní ag 4:11

 

20160125_173313

Ciorcail, cáca agus crois!

Chríochniagh muid na tionscnaimh ar Na Normannaigh. Breathnaigh ar an obair iontach a rinne muid.

IMG_0976

IMG_0991

IMG_0980

IMG_0985

 

Thóg muid ár gcuid caisleáin Normannacha féin freisin.

IMG_0992

IMG_0979

IMG_0988

IMG_0989

 

Ach rinne Isabelle agus Aimée an ceann an-speisialta seo! (Bhí sé an-bhlasta!) 🙂

 

IMG_0981

IMG_0982

 

Bhí muid ag foghlaim faoin gciorcail sa rang mata. Chruthaigh muid na pictiúir seo ag usáid compás.

 

IMG_0999
IMG_1004

IMG_1002

IMG_1003

 

Tháinig Ciarán Hogan as an gCeardlann isteach chugainn agus rinne muid na croiseanna seo. Nach mór an spórt iad.

IMG_1014

IMG_1011

IMG_1013

 

IMG_1053

 

 

Seachtain Ghnóthach i Rang a 5!

Bhí seachtain an-ghnóthach againn i Rang a 5. D’fhoghlaim muid faoin nasc idir chéatadáin, deachúla agus codáin. Bhí muid ag snámh. Bhí cuid againn ag iománaíocht agus ag imirt liathróid láimhe freisin. Chríochnaigh muid an leabhar Gaeilge a bhí á léamh againn, Go Tóin Poill. Seo cuid de na clúdaigh a dhearr muid féin roimh an Nollaig.

pic5

pic6

Thosaigh muid ag plé an dráma a bheidh muid a dhéanamh don Fhéile Scoildrámaíochta, le cúnamh Dé. Tá muid ar bís! 🙂

Rinne muid obair na gcapall ar thionscnaimh staire faoi Na Normannaigh. Seo cúpla pictiúr agus beidh tuilleadh le theacht an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh na caisleáin ar fad tógtha! De réir a chéile…

pic1

pic2

pic3

pic4

 

D’fhoghlaim muid faoi aidiachtaí iontacha sa rang Béarla a chabhróidh go mór linn agus muid ag tabhairt faoi scéalta a scríobh don chomórtas Write-a-Book. Bhain muid an-sult as an dán iontach a thug Tomás Kiaulakis isteach, Some Things Don’t Make Any Sense at All. Go raibh maith agat, a Thomáis. Agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar Wonder. Is breá linn é!

Some Things Don’t Make Any Sense at All

Judith Viorst, 1931

My mom says I’m her sugarplum.

My mom says I’m her lamb.

My mom says I’m completely perfect Just the way I am.

My mom says I’m a super-special wonderful terrific little guy.

My mom just had another baby.

Why?

Rinne muid cleachtadh ar na h-amhráin do na Peace Proms. Ní bheidh i bhfad eile orainn anois go mbeidh an oíche mhór buailte linn. Thosaigh muid ag déanamh machnamh sa seomra ranga an tseachtain seo freisin. D’fhoghlaim muid go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann a bheith ciúin, socair scaití agus go gcabhraíonn sé linn a bheith níos sona.

Toghadh James Ó Maoilearca agus Aoife Ní Dhioráin le bheith ar an gCoiste Glas. Maith sibh! Beidh an bhéim i mbliana ar fhuinneamh.

Inniu, rinne muid tuargnamh eolaíochta chun foghlaim faoi sheoltóirí agus inslitheoirí. Seo cuid den chur síos a rinne Fiona air.pic7

pic8

Bainigí súp as an deireadh seachtaine! 🙂