SF: Is minic a bhris béal duine a shrón
NC: Ní hí an chloch is mó ar mo phaidrín í.
SF: Is minic a bhris béal duine a shrón
NC: Ní hí an chloch is mó ar mo phaidrín í.
Tá súil againn go mbeidh sos iontach agaibh ar fad agus go dtiocfaidh gach duine ar ais go slán, sábháilte, sona agus muid ag cur tús leis an ngeimhreadh le chéile. Gach beannacht oraibh le linn briseadh na Samhna.
Beidh Rang a 5 ag tosú ar an gclár ríomhaireachta Scratch ar an Mháirt, an 3ú Samhain, le cúnamh Dé. Beidh Claudia Uí Chuláin ag teacht isteach uair sa tseachtain idir sin agus an Nollaig chun é a mhúineadh. Is iontach go deo an deis í seo do na gasúir scileanna nua a fhoghlaim agus a úsáid. Beidh ríomhairí ag teastáil. Má tá ríomhaire glúine sa bhaile, bheadh muid buíoch dá mbeadh na gasúir in ann é a thabhairt isteach ar scoil.
Chuir Claudia chugam an nasc seo thíos agus mhol sí go mór é a íoslódáil ar na ríomhairí a bheidh na gasúir a úsáid. Tá trí chéim leis an nasc. Ní mór céim 1 agus céim 2 a íoslódáil ar dtús agus ansin is cleachtadh ar Scratch 2.0 atá sa tríú céim.
https://scratch.mit.edu/scratch2download/
Beidh costas de €15 ar na ranganna. Bheadh muid buíoch as ucht an t-airgead a fháil ar an Luan an 2ú Samhain más féidir.
Le meas,
Bríd-Treasa.
Agus an comórtas rugbaí ar siúl i Sasana faoi láthair, bheartaigh an rang tabhairt faoi thionscadail a chur le chéile ar na tíortha atá ag glacadh páirte. Bhí na tionscadail ar fad an-mhaith ach bhí ceann amháin a sheas amach go mór agus tá pas obair bhaile ag dul chuig an scoláire a chruthaigh an ceann seo:
Chuile mhaidin Dé Céadaoin, bíonn grúpaí Mata againn i Rang a 5. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tseachtain Mhata a bhí ann an tseachatin seo caite (www.mathsweek.ie), chruthaigh muid ár gcuid cluichí Mata féin. Bhí muid an-chruthaíoch go deo agus an-mhaith ag comhoibriú lena chéile. Bhain muid an-sult as. Seo roinnt pictiúir. Tá tuilleadh le theacht!
Cluiche Holly agus Saoirse – ‘Pioc an Uimhir’
Ag teastáil:
Is féidir le triúr nó níos mó an cluiche seo a imirt. (Má tá níos mó marcóirí agat, is féidir le níos mó daoine imirt.)
Cén chaoi le n-imirt?
Caitheann an chéad imreoir an dá dhísle. Cuireann siad an dá uimhir le chéile. Cuireann siad dath sa bhosca go bhfuil an uimhir sin ann.
Ansin, bíonn deis ag an dara duine, an triú duine &rl imirt ar an gcaoi chéanna.
ACH- má bhíonn an uimhir chéanna ar an dá dhísle, caithfidh tú chuile uimhir a ghlanadh amach agus tosnú arís!
Má bhíonn níos mó ná imreoir amháin ar an mbosca céanna, bogann an imreoir a bhí ann ar dtús ar aghaidh spás amháin.
Má bhíonn tú ar bhosca dubh, caithfidh tú dul ar ais chuig an tús!
An buaiteoir ná an duine go bhfuil an méid is lú boscaí daite acu agus atá faighte chomh fada le 100!
Cluiche Oisín C. – ‘Béar Bán agus Piongain’
Ag teastáil:
Is féidir le triúr nó níos mó an cluiche seo a imirt.
Caithfear a bheith cúig bliana nó os a chionn le n-imirt. (Píosíní beaga!)
Cén chaoi le n-imirt?
Bíonn imreoir amháin mar ‘Béar Bán’. Is Piongain iad na himreoirí eile. Leanann an Béar Bán na Piongain.
Tosaíonn an Béar Bán ar uimhir 1 agus tosaíonn na Piongain ar uimhir 5.
Caitheann na Piongain an dá dhísle ar dtús. Cuireann tú le chéile an dá uimhir a fhaigheann tú ón dá dhísle agus roinn é sin ar a 4. Cuir 2 le do fhreagra agus bog an méid sin spásanna.
Ansin caitheann an Béar Bán na díslí. Cuireann sé/sí le chéile an dá uimhir agus roinn ar a 4. Ansin cuir 5 leis. Bogann sé/sí an méid sin spásanna.
Má léimeann an Béar Bán os cionn nó thar Phiongain, téann an Béar Bán agus an Piongain go dtí an áit ar thosaigh siad.
Má fhaigheann tú uimhir aisteach le roinnt ar a 4, téigh go dtí an chéad ré-uimhir eile.
An buaiteoir ná an chéad Phiongain go dtí 100!
Comhghairdeas leis an bhfoireann iománaíochta as Rang a 5 agus Rang a 6 a bhuaigh comórtas Mini 7’s inniu. Bhuail siad Tullykyne sa chéad chluiche, Baile na hAbhann sa dara cluiche, Boleybeg sa tríú cluiche agus sa chluiche ceannais bhí an bua acu ar Scoil Bhaile Nua le scór de 2-3 go 1-0. Tá muid ar fad an-bhródúil astu. Pictiúir le theacht!!
Rinne Rang a 5 suirbhéanna ar Ranganna 4, 5 agus 6.
Fuair muid amach céard iad na comhábhair píotsa is fearr leis na gasúir. Roghnaigh gach rang pepperoni! (Finian, Aoife agus Tomás K.)
Fuair Fionn, Liam agus Fiach amach go b’é Peil Ghaelach an spórt is fearr le gach rang agus go b’é Fanta an deoch is fearr leo. Is iad rugbaí agus Lucozade a fuair an méid is lú vótaí.
Fuair Isabelle, Oisín C, Katie agus Clíodhna amach céard é an bia is fearr agus cé hé an ceoltóir is fearr le gasúir Rang 4, 5 agus 6. Na torthaí?
Rang 4- an bia is fearr leo ná curaí sicín agus is í Taylor Swift an ceoltóir is fearr leo.
Rang 5- an bia is fearr leo ná píotsa agus is í Taylor Swift arís is fearr leo.
Rang 6- an bia is fearr leo ná píotsa agus is é Sam Smith an ceoltóir is fearr leo.
Fuair Saoirse, Holly, Clodagh agus Oisín Mac Aodha amach cén cineál scannán agus cén caitheamh aimsire is fearr leis na gasúir.
Ar an meán scannáin scanrúla a thaithin leo agus peil a thaitin leo.
You must be logged in to post a comment.