Feamainn álainn!

Rinne Rang a 5 píosaí álainne ealaíne le feamainn a cruinníodh ón trá. Seo a leanas an cur síos a rinne Dylan Ó Dioráin, Fiach Ó Murchú agus Pádraic Ó Droighneán ar an bpróiséas:

Ar dtús chuaigh muid síos go dtí an trá chun feamainn a fháil le David McGrath. Ansin labhair sé linn faoin bhfeamainn, labhair sé linn faoi gach cineál feamainne.Sa deireadh rinne muid ealaín leis an bhfeamainn. Chuir muid an fheamainn ar pháipéar uiscedhath,ansin chuir muid an fheamainn agus an páipéar uiscedhath isteach i bpáipéar nuachta chun é a thriomú .Rinne David fráma as adhmad leis an bpáipéar nuachta a triomú. D’athraigh muid é go minic, go dtí go raibh sé ar fad triomaithe.

Buíochas do Chillian Ó Laoi a thóg na pictiúir seo.

 

2015-11-13 14.57.402015-11-13 14.59.212015-11-13 14.59.472015-11-13 15.01.112015-11-13 15.02.252015-11-13 15.01.552015-11-13 14.58.32

 

Rang a 5 agus Rang a 6: ag smaoineamh ar dhaoine eile

Agus an Nollaig ag teannadh linn, tá deis againn rud éigin speisialta a dhéanamh do dhaoine eile. Mar sin, tá beartaithe ag Rang a 5 agus Rang a 6 páirt a ghlacadh sa bhfeachtas Nollag atá ar bun ag Simon Community na Gaillimhe agus Cope Galway. Seo é atá i gceist:

  1. Bosca bróg a fháil agus a chlúdú le páipéar deas. Tá an clár le clúdú freisin.
  2. An bosca a líonadh. Is féidir bosca a líonadh do bhuachaill, do chailín, d’fhear nó do bhean. Cuirfidh muid lipéid orthu ar scoil.Tá tuilleadh eolais sa nasc thíos maidir le céard is feidir a chur sa bhosca. Ní ghlacfar le aon airgead.
  3. Tabhair na boscaí ar ais ar scoil roimh Déardaoin seo chugainn, 26 Samhain.

Is bealach iontach é seo chun cinealtas agus ionbhá a spreagadh sna gasúir. Ní neart go cur le chéile.

http://www.galwayindependent.com/news/topics/articles/2015/10/21/4107859-help-galways-homeless-with-a-christmas-gift-box/.

Mí na Mairbh

DSC01014

Tugtar Mí na Mairbh ar mhí na Samhna. Seo é crann s’againne i Rang a 5. Crochta ar an gcrann, tá ainmneacha na ndaoine agus na bpeataí a raibh aithne againn orthu atá imithe ar shlí na fírinne. Bíonn muid ag smaoineamh orthu i rith na míosa nuair a bhíonn muid ag rá ár gcuid paidreacha. Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha ar fad.

Feithidí

Mar cheiliúradh ar Sheachtain na hEolaíochta, bhí cuairteoirí speisialta againn ar scoil inniu. Seo a leanas an cur síos a rinne Fiach (R.6) agus James (R.5) ar an gcuairt.

Tháinig Michel Dugan, doctúir na bhfeithidí, isteach go dtí an scoil inniu agus thaispeáin sé tarantula, nathair nimhe, mílechosach, scairp agus feithidí duilleoige dúinn. Bhí an tarantula chomh mór agus bhí sí clúdaithe le gruaig. Bhí adharca aici ar a cloigeann agus bhí ocht súil aici agus ocht gcos.Bhí an scairp ar nós rud éigin as scannán. Bhí an nathair nimhe mar ruibéar.

Reiptílí: Earc luachra (lizard) agus nathair nimhe.

Araicnid: Damháin alla, tarantula agus feithidí duilleoige.

Fiach Ó Coistealbha agus James Mullarkey

Seo cúpla pictiúir den lá. Neart eile le theacht!

IMG_0453

IMG_0455

IMG_0456

IMG_0549

IMG_0487

Tús maith, leath na hoibre!

Bail ó Dhia oraibh. Tá Rang a 5 tar éis tús maith a dhéanamh ar an gclár Scratch.

DSC00953

Tá muid ag foghlaim faoi ríomhchlárú agus faoin téarmaíocht ar fad a théann leis, i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá scileanna mata in úsáid againn chomh maith agus muid ag cruthú agus cabhraíonn an clár linn freisin ord agus eagar a chur ar ár gcuid smaointí mar go bhfuil ord na n-oibrithe an-tábhachtach! Nach méanar dúinn! 🙂

DSC00955