
Comhgháirdeachas mór le hAoife a rinne éacht ar an deireadh seachtaine. Maith thú!

Comhgháirdeachas mór le hAoife a rinne éacht ar an deireadh seachtaine. Maith thú!
Scríofa ag James agus Saoirse
Bhreathnaigh muid ar an gcaoi nach raibh an dlús céanna ag na leachtanna. Bhí orainn na leachtanna a chuir isteach in órd speisialta. Ansin bhreathnaigh muid ar na rudaí thíos agus sheiceáil muid an ndeachaigh siad go tóin poill nó ar shnámh siad. D’úsáid muid na crúscaí tomhais agus gloinne.



Táirne= Go Tóin Poill
Popcorn Kernel=Snámh
Dísle= Snámh
Tráta=Snámh
Comhaireoir=Snámh
Ring pull = Go Tóin Poill
Na rudaí a d’úsáid muid:
50ml Mil
50ml Maple Syrup
70ml Bainne
50m Uisce
50ml Leacht Soitheach
50ml Ola Glasraí
40ml Rubbing Alchohol
Seo’d é an t-órd speisialta.


Slán ó pháistí Rang a 5.
D’éirigh le foireann iománaíochta na scoile éacht a dhéanamh i gcomórtas Phádraic Conroy inné agus an corn a thabhairt abhaile leo. Théis an ceann is fearr a fháil ar fhoireann SN An Bhaile Nua (3-6 / 3-2), Gaelscoil Mhic Amhlaigh (3-4 / 0-1) agus SN Shailearna, d’imir siad in aghaidh SN Thullach Uí Chadhain (5-3/ 0-2) sa chluiche leath cheannais. Sa chraobh bhí ar fhoireann na scoile aghaidh a thabhairt ar fhoireann Ghaelscoil Mhic Amhlaigh arís agus nuair a shéid an fheadóg ag deireadh an chluiche bhí an bua ag Scoil Éinne (3-3 / 0-3). Tá muid an-bhuíoch do Phádraic Conroy a d’eagraigh an comórtas agus don Roinn as ucht a gcuid tacaíochta.

Poc sleasa isteach go lár na páirce

Poc saor á thógáil a scoilt na postaí

Luas lasrach ag imreoir de chuid Scoil Éinne

Pas láimhe deas

Rás chuig na liathróide

An fear é féin, Pádraic Conroy, ag bronnadh an choirn

Foireann Scoil Éinne
Tháinig cuairteoir isteach chuig rang a 6 ar an Aoine chun cúnamh a thabhairt dúinn píosa taighde a dhéanamh. Le cúnamh ó David McGrath, thug muid faoi thurgnamh chun an hipitéis go bhfuil uisce le mustard measctha tríd chomh maith céanna le huisce le gallúnach measctha tríd chun péisteanna a ardú aníos ón gcréafóg. An fáth go bhfuil tábhacht ag baint leis an taighde seo ná mar gheall go bhfuil mustard orgánach agus mar sin ní bheadh an méid céanna truailliú i gceist trí é a úsáid in ionad gallúnach.

An rang ag obair go crua faoi stiúir David

An quadrat curtha síos agus 5l de uisce agus mustard

Aníos leis na péisteanna !!!

Na cailíní ag obair go crua

Roinnt péisteanna faighte !!

Andrew ag cinntú go bhfuil gach rud i gceart
Tar éis na huimhreacha ar fad a chur le chéile, d’oibrigh an rang amach go raibh an mustard chomh maith céanna leis an ngallúnach. Tá muid an-bhuíoch as ucht an cúnamh a thug David McGrath dúinn an taighde seo a dhéanamh.
As go brách linn inniu isteach ag An Taibhdhearc i nGaillimh le breathnú ar dhaltaí Choláiste Chroí Mhuire sa seó scoile iontach atá curtha le chéile acu. Mise Éire an téama a bhí acu agus bhí an-chuid de na míreanna bunaithe ar 1916. Bhí ceol tradisiúnta, rac-cheol, popcheol, damhsaí éagsúla, agallaimh beirte, mím agus dánta acu. Ba mhór an spórt iad. Comhgháirdeachas freisin le hOisín C. a bhuaigh geansaí nua nuair a d’fhreagair sé ceist a chur fear an tí!


Chuir an seó i gcuimhne dom cuid den cheiliúradh a bhí againn féin anseo sa scoil ar Lá an Fhorógra i mí Márta.



Nach deas an brat a fheiceáil ar foluain.
Comhgháirdeachas le Rang a 6 a d’eagraigh díolachán cácaí inniu sa halla. Bhailigh siad os cionn €640. Beidh sé seo le cur leis an €340 a bailíodh ar Lá na nGeansaithe Nollag agus, le cúnamh Dé, beidh muid in ann na ríomhairí glúine nua a cheannach gan mhoill. Maith sibh! Míle buíochas do ‘chuile dhuine a bhí gnóthach ag bácáil agus a thug isteach an méid sin rudaí deasa. Ní neart go cur le chéile.


Seo é fear an chrannchuir ag déanamh sár-obair.

Seo iad lucht an airgid. Maith sibh, a chailíní. An-obair!

Buíochas freisin d’Aoife agus do Chian a thug isteach na bláthanna áille seo le haghaidh altóir Rang a 5. D’fhoghlaim muid an tseachtain seo go b’í mí Bealtaine mí na Maighdine Muire.

Bhí an-lá ag Rang a 6 seachtain ó shin ar lá a gCóineartaithe. Thapaigh Rang a 5 an deis ceiliúradh a dhéanamh freisin agus d’fhoghlaim muid faoi bhaisteadh Íosa agus faoin Spiorad Naomh ag teacht chuige i bhfoirm colúir. Rinne muid ár gcuid colúir féin freisin a bhíonn ag breathnú go hálainn agus an ghriain ag scalladh tríothu.







Comhghairdeas mór le Joe ó rang a 6 a ghlac páirt i gcomórtas Easons Spelling Bee inniu in san Galway Bay Hotel. D’éirigh leis dul chomh fada leis an tríú babhta ach faraor ní raibh an t-ádh leis i dtaobh na focail a bhfuair sé. An bhfuil tú in ann é a aimsiú sa bpictiúir?

Lá iontach spioradálta a bhí ag Rang 6 inniu agus iad ag dul faoi lámh an easpaig. Buíochas mór don mhúinteoir Bríd-Treasa as an méid oibre a rinne sí leis an rang i dtaobh an ealaín a bhí ag crochadh sa séipéal agus do na múinteoirí Bairbre agus Caitríona as ucht a gcuid oibre leis an gcór a chan iomáin aoibhinne a chuir go mór leis an gceiliúradh. Tá muid an-bhuíoch freisin do Norita a chuir na leabhráin álainne le chéile don lá.
Rinne Rang a 5 taighde iontach ar an ealaíontóir Piet Mondrian agus bhí an-spéis acu ina shaol agus ina shaothar. Rinne siad an-obair ansin ag déanamh a gcuid pictiúir féin i stíl Mondrian. Bainigí sult astu seo.





You must be logged in to post a comment.