Comhghairdeas mór leis na foirne ón scoil a thug leo an chéad áit, an dara háit agus an triú háit i mBliots Phádraicín Conroy an tseachtain seo caite thiar ar Pháirc na mBreathnaigh. Maith sibh!

Fuair muid amach faoin ealaíontóir Georges Seurat agus chruthaigh muid na pictiúir seo.





Sa deireadh thiar thall, tá ár gcuid fadhbanna theicniúla réitithe!
Bhí muid ag déanamh roinnt oibre faoi na Meiriceánaigh Dúchasacha.D’fhoghlaim muid go raibh an-spéis acu in ainmhithe. D’fhoghlaim muid faoin tsiombalachas a bhain leis na hainmhithe agus seo cuid den obair a chruthaigh muid.







Tá muid ag treabhadh tríd mhí an Mheán Fhómhair agus muid ar fad ag socrú ar ais ar scoil. Beidh neart ar bun againn agus neart nuachta againn le roinnt libh, le cúnamh Dé. Coinnigí na cluasa biorraithe!

Tá súil againn go bhfuil ‘chuile dhuine ag baint aoibhnis as na laethanta saoire. Bhí muid an-ghnóthach ag deireadh na bliana. Seo blaiseadh den mhéid a bhí ar bun againn…
Bhí turas scoile iontach againn i gCeapach na gCapall! 🙂 







Bhí Rang a 5 ag bácáil. Mmmmmmm!
Rinne Sadhbh agus Orlaith éacht sa liathróid láimhe. Maith sibh, a chailíní.
Réitigh Rang a 4 agus Rang a 5 amach iad féin don samhradh nuair a d’fhoghlaim siad cén chaoi le haghaidh t-léinte ‘tie-dye’ a dhéanamh.







Nach mór an spórt iad!
D’fhág muid slán ag Bridie agus ag Rang a 6. Go n-éirí go geal leo amach anseo. Aireoidh muid uainn iad, ach is cinnte go mbeidh neart rudaí iontacha amach rompu.
Go dtuga Dia samhradh álainn daoibh ar fad! 🙂
Is iontach go deo an obair a rinne Rang a 5 ar a gcuid tionscnaimh faoi 1916.

Is féidir breathnú níos géire ar chuid den obair anseo:











Le tabhairt:
Le bheith ag an scoil ag a 8:30 r.n. agus beidh muid ar ais ag an scoil idir a 6 agus 6:30 i.n.
Dé hAoine seo caite, bhí Céilí Mór na Bealtaine againn. Bhailigh Rang a 5 agus Rang a 6 as Scoil Éinne, Scoil na bhForbacha agus Scoil Shailearna le chéile i gColáiste Chonnacht agus bhí ceiliúradh spleodrach againn! Rinne muid trí dhamhsa; An Staicín Eorna, Breathnaigh’n tAsal (Shoe the Donkey) agus Ionsaí na hInse. Chan muid amhráin agus bhí dreas ceoil againn chomh maith. Fuair ‘chuile dhuine plaicín le n-ithe agus bhí an-chraic againn ar an gcaisleán spraoi agus thíos ar an bpáirc ina dhiaidh. An-lá go deo! 🙂
Tá muid buíoch do Thraolach Ó Conghaile a chuimhnigh ar an ocáid ó thús agus do Dheirdre sa nGaelacadamh a thug an méid sin tacaíochta.



Tá Rang a 5 tar éis an-tairbhe a bhaint as an scéal Eoghainín na nÉan a scríobh Pádraig Mac Piarais. Nach iontach go bhfuil muid in ann scéalta an Phiarsaigh a léamh agus muid ag déanamh comóradh ar 1916 i mbliana. Seo a leanas roinnt de na tuairimí a bhí againn.








Seo a leanas cuid de na focail agus na frásaí a thaitin go mór linn agus muid ag léamh.








Ní bhreathnóidh muid ar na fáinleoga mar a chéile arís!
You must be logged in to post a comment.