Clocha!

Maith sibh gach duine a chuaigh amach ag toraíocht na clocha ar fud an spidéal inné. Seo roinnt pictiúr a tháinig isteach agus roinnt den obair iontach a ndearna sibh féin!

This slideshow requires JavaScript.

Clocha

An bhfaca sibh clocha daite in aon áit ar an Spidéal? Má tá tú ag súil tríd an baile coinnigh súil amach agus féach an bhfuil tú in ann iad ar fad a aimsiú. Tá 8 gcinn ann san iomlán fud fad an baile!

IMG_20200510_191602

Glór na nGael

Tráth na gceist Teaghlaigh

Eolas / Cur síos 

  • Is ar leathanach facebook Ghlór na nGael a bheidh an clár beo dhá chraoladh: https://www.facebook.com/glornangael/
  • Tosnóidh an sruth ag craoladh ag 18:45 (le deis a thabhairt daoibh deimhniú go bhfuil na foirmeacha réidh agus an sruth ar Facebook Live le feiceáil agus le cloisteáil)
  • Tosnóidh an Tráth na gCeist Teaghlaigh ag craoladh ag 19:00
  • Seacht mBabhta le 10 gceist ar théamaí éagsúil le freagairt ar ‘bhFoirm Freagraí* (Féach thíos)
  • Ceisteanna do pháistí agus do dhaoine níos sine 😀
  • Duais le baint gach seachtain + Mórdhuais Dearbhán €150 ó Údar.ie ar an 10 Bealtaine** (Féach thíos)
  • Teachtaireachtaí Beo ar an scáileán
  • Beidh na láithreoirí, na ceisteanna, íomhanna/ábhar eile le feiceáil ar an scáileán ar facebook

 

Leabhar do Pháistí, Podchraoltaí Gaeilge, Nasc chuig cuntas Soundcloud Raidió na Life mar a bhfuil fáil ar moll mór scéalta don aos óg agus iad á n-insint ag daoine éagsúla.