Haigh a chairde,
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na daltaí ar fad a chur isteach ar an gComórtas Eolaíochta, agus do na tuismitheoirí a thug cúnamh dóibh. Agus muid ag teannadh le deireadh na scoilbhliana, tá mé cinnte go raibh sé deacair sibh féin a ghríosú chun obair scoile sa mbreis a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá an cinneadh déanta againn, duais a thabhairt do gach duine a rinne iarracht. Rinne sibh uilig sár-iarracht agus bhain muid an-taitneamh as toradh bhur gcuid oibre a fheiceáil. Bhí siad ar fad an-éagsúil agus suimiúil. Tá siad ar fad le feiceáil ach an nasc thuas a leannacht.
Nár lága Dia sibh, agus go dtuga Sé slán ar ais chun na scoile muid ar fad sa bhfómhar.
Fan slán, Sinéad.