Bhí muid chomh gnóthach le tamall anuas nach raibh deis againn a bheith ag blagáil, ach tá muid ar ais anois. Seo roinnt den nuacht atá againn ó bhí muid libh go deireanach.
Bhí muid an-ghafa le drámaí don bhFéile Scoildrámaíochta. Comhgháirdeachas le Rang a 5 a chuir an ceoldráma Duairc go Suairc ar stáitse i gCinn Mhara. Rinne siad obair na gcapall agus bhain siad an-sult as, gan trácht ar an méid foghlama eile a tháinig as. Maith sibh, a ghasúir. Seo pictiúir a tógadh ar scoil. (Clíodhna as láthair.)

Seo mar a cheap na moltóirí:

Bhí Rang a 6 iad féin ag obair go crua ar an dráma An Gadaí. Dráma é seo bunaithe ar scéal a scríobh An Piarsach a chóirigh Bean Uí Neachtain agus múinteoir Bairbre don stáitse. Chuir siad isteach ar an rannóg speisialta sa bhFéile – drámaí bunaithe ar an téama 1916. Rinne siad jab iontach agus tá muid ar fad fíor-bhródúil astu. Seo mar a cheap na moltóirí:

Beidh Rang a 6 le feiceáil an deireadh seachtaine seo ar stáitse i gColáiste Chonnachta mar chuid d’Éigse an Spidéil agus beidh siad le feiceáil sa Taibhdhearc freisin mar chuid den cheiliúradh atá leagtha amach acu de chomóradh 1916.
Chomh maith le bheith i mbun drámaíochta, tá Rang a 6 ag foghlaim faoi fhiontraíocht agus iad ag oibriú ar an JEP. Beidh toradh a gcuid oibre le feiceáil againn go luath.
Tá an t-earrach buailte linn chomh maith agus seo roinnt den obair ealaíne atá déanta againn le tamall anuas. 
Ag athchúrsáil agus ag priondáil le haghaidh Lá Fhéile Vailintín…
Rinne Rang a 5 taighde iontach faoi Jackson Pollack. Ansin, rinne siad a gcuid íomhánna féin bunaithe ar a mhodh oibre. Bhí péint go cluas agus neart glanadh suas ina dhiaidh, ach thaitin sé go mór le chuile dhuine!
Nach spéisiúil na pictiúir iad.




