Seachtain Ghnóthach i Rang a 5!

Bhí seachtain an-ghnóthach againn i Rang a 5. D’fhoghlaim muid faoin nasc idir chéatadáin, deachúla agus codáin. Bhí muid ag snámh. Bhí cuid againn ag iománaíocht agus ag imirt liathróid láimhe freisin. Chríochnaigh muid an leabhar Gaeilge a bhí á léamh againn, Go Tóin Poill. Seo cuid de na clúdaigh a dhearr muid féin roimh an Nollaig.

pic5

pic6

Thosaigh muid ag plé an dráma a bheidh muid a dhéanamh don Fhéile Scoildrámaíochta, le cúnamh Dé. Tá muid ar bís! 🙂

Rinne muid obair na gcapall ar thionscnaimh staire faoi Na Normannaigh. Seo cúpla pictiúr agus beidh tuilleadh le theacht an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh na caisleáin ar fad tógtha! De réir a chéile…

pic1

pic2

pic3

pic4

 

D’fhoghlaim muid faoi aidiachtaí iontacha sa rang Béarla a chabhróidh go mór linn agus muid ag tabhairt faoi scéalta a scríobh don chomórtas Write-a-Book. Bhain muid an-sult as an dán iontach a thug Tomás Kiaulakis isteach, Some Things Don’t Make Any Sense at All. Go raibh maith agat, a Thomáis. Agus ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar Wonder. Is breá linn é!

Some Things Don’t Make Any Sense at All

Judith Viorst, 1931

My mom says I’m her sugarplum.

My mom says I’m her lamb.

My mom says I’m completely perfect Just the way I am.

My mom says I’m a super-special wonderful terrific little guy.

My mom just had another baby.

Why?

Rinne muid cleachtadh ar na h-amhráin do na Peace Proms. Ní bheidh i bhfad eile orainn anois go mbeidh an oíche mhór buailte linn. Thosaigh muid ag déanamh machnamh sa seomra ranga an tseachtain seo freisin. D’fhoghlaim muid go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann a bheith ciúin, socair scaití agus go gcabhraíonn sé linn a bheith níos sona.

Toghadh James Ó Maoilearca agus Aoife Ní Dhioráin le bheith ar an gCoiste Glas. Maith sibh! Beidh an bhéim i mbliana ar fhuinneamh.

Inniu, rinne muid tuargnamh eolaíochta chun foghlaim faoi sheoltóirí agus inslitheoirí. Seo cuid den chur síos a rinne Fiona air.pic7

pic8

Bainigí súp as an deireadh seachtaine! 🙂

 

Leave a comment