Seachtain Mhata 2015- Rang a 5 i mbun oibre!

Chuile mhaidin Dé Céadaoin, bíonn grúpaí Mata againn i Rang a 5. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tseachtain Mhata a bhí ann an tseachatin seo caite (www.mathsweek.ie), chruthaigh muid ár gcuid cluichí Mata féin. Bhí muid an-chruthaíoch go deo agus an-mhaith ag comhoibriú lena chéile. Bhain muid an-sult as. Seo roinnt pictiúir. Tá tuilleadh le theacht!

IMG_0252

IMG_0253

IMG_0255

Cluiche Holly agus Saoirse – ‘Pioc an Uimhir’

Ag teastáil:

  • Dhá dhísle- ceann le 6 thaobh agus ceann le 12 taobh
  • 3 mharcóir- dathanna difriúla
  • Cearnóg 100

Is féidir le triúr nó níos mó an cluiche seo a imirt. (Má tá níos mó marcóirí agat, is féidir le níos mó daoine imirt.)

Cén chaoi le n-imirt?

Caitheann an chéad imreoir an dá dhísle. Cuireann siad an dá uimhir le chéile. Cuireann siad dath sa bhosca go bhfuil an uimhir sin ann.

Ansin, bíonn deis ag an dara duine, an triú duine &rl imirt ar an gcaoi chéanna.

ACH- má bhíonn an uimhir chéanna ar an dá dhísle, caithfidh tú chuile uimhir a ghlanadh amach agus tosnú arís!

Má bhíonn níos mó ná imreoir amháin ar an mbosca céanna, bogann an imreoir a bhí ann ar dtús ar aghaidh spás amháin.

Má bhíonn tú ar bhosca dubh, caithfidh tú dul ar ais chuig an tús!

An buaiteoir ná an duine go bhfuil an méid is lú boscaí daite acu agus atá faighte chomh fada le 100!

IMG_0257

IMG_0256

Cluiche Oisín C. – ‘Béar Bán agus Piongain’

Ag teastáil:

  • Dísle le 6 thaobh agus dísle le 12 taobh
  • Cearnóg 100
  • Comhaireoir le haghaidh chuile imreoir

Is féidir le triúr nó níos mó an cluiche seo a imirt.

Caithfear a bheith cúig bliana nó os a chionn le n-imirt. (Píosíní beaga!)

Cén chaoi le n-imirt?

Bíonn imreoir amháin mar ‘Béar Bán’. Is Piongain iad na himreoirí eile. Leanann an Béar Bán na Piongain.

Tosaíonn an Béar Bán ar uimhir 1 agus tosaíonn na Piongain ar uimhir 5.

Caitheann na Piongain an dá dhísle ar dtús. Cuireann tú le chéile an dá uimhir a fhaigheann tú ón dá dhísle agus roinn é sin ar a 4. Cuir 2 le do fhreagra agus bog an méid sin spásanna.

Ansin caitheann an Béar Bán na díslí. Cuireann sé/sí le chéile an dá uimhir agus roinn ar a 4. Ansin cuir 5 leis. Bogann sé/sí an méid sin spásanna.

Má léimeann an Béar Bán os cionn nó thar Phiongain, téann an Béar Bán agus an Piongain go dtí an áit ar thosaigh siad.

Má fhaigheann tú uimhir aisteach le roinnt ar a 4, téigh go dtí an chéad ré-uimhir eile.

An buaiteoir ná an chéad Phiongain go dtí 100!

Leave a comment